M’anam, tá deiseanna iontacha ann dúinn agus don rialtas ár dteanga a chur chun cinn!

De réir tuairisc.ie, in alt scríofa ag Pádraig Ó Ciardha, ‘Dúirt na ranna rialtais uile a bhí i láthair ag cruinniú i dTeach Laighean [ar an 5ú Iúil, 2023] go mbíonn daoine ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge ach gur ar éigean go mbíonn aon éileamh ar a leithéid’. Bhí urlabhraithe as ceithre cinn de ranna an Stáit páirteach sa chomhrá: ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ó Roinn na Leanaí, ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus ón Roinn Iompair. Bhí an scéal ceannann céanna ag gach duine acu: bhí an éileamh ar a seirbhísí trí Ghaeilge fíor íseal ar fad. Mar shampla, [ní] ‘raibh iarratas ar cheadúnas tiomána faighte i nGaeilge le fada.’

Tá físeán den chruinniú agus an tuairisc oifigiúil air ar fáil anseo. Mhair an cruinniú beagnach dhá uair. Chaith mé thart ar leath huair ag preabadh tríd ar líne. Thug mé mír amháin sa bhreis faoi deara a bhí suntasach domsa: mheas urlabhraí cinn de na ranna gurbh i nGaeilge iad 3.3% de na postálacha ar na meáin sóisialta den roinn sin. Is dócha mar sin gurbh i mBéarla amháin a bhí an bhformhór mór dóibh.

D’éist mé leis an gclár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta ar an 6ú Iúil, 2023 ina raibh mír ina phléigh an láithreoir Fachtna Ó Drisceoil agus Julian de Spáinn, Ard Rúnaí, Conradh na Gaeilge an cruinniú céanna den Chomhchoiste na Gaeilge, an Ghaeltacht agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

De thoradh an méid a bhí cloiste agam ar Tús Áite agus léite agam ar tuairisc.ie tháinig an smaoineamh i mo cheann: M’anam, tá deiseanna iontacha ann dúinn, lucht labhartha na Ghaeilge, agus don rialtas ár dteanga a chur chun cinn! Níl le déanamh againn ach, den méid is mó ar féidir linn araon, deimhniú go mbíonn na dteagmhálacha eadrainn trí Ghaeilge! Deis iontach atá ann dúinn ár dteanga a thacú, nó fiú chun í a shábháil. Ar an 31 Iúil 2023 chaith mé deich nóiméad ag póirseáil tríd an tuairisc oifigiúil den chruinniú ar an 5ú Iúil, 2023. Mura mbaineann muid (an lucht atá sé ar ár gcumas an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh agus an Rialtas) úsáid as ár dteanga eadrainn, beidh sí caillte.